CASSAN.jpg

Trilingual workshops now online. Click on the button below.

Gaeilge, Gaelg agus Gàidhlig

Ceardlainne i nGaeilge na hÉireann, Mhanann, agus na hAlban

If you are fluent in any of the Gaelic languages (Irish, Manx or Scottish Gaelic) you might be in for a surprise when you realise you can understand them all. These trilingual workshops are designed to show the mutual intelligibility and of course give plenty of information on herbs, seaweeds and trees.

Má tá tú líofa i dteanga Gaeilge ar bith (Gaeilge na hÉireann, Gaeilge Mhanann, Gaeilge na hAlban) seans go mbeidh iontas ort nuair a thuigfidh tú gur féidir leat iad ar fad a thuiscint. Tá na ceardlanna seo ceaptha chun comh-intuigtheacht a léiriú agus chun go leor eolais ar lusanna, crainn agus feamainn a chur ar fáil.

Eolas: josephine.boircheiochtar@gmail.com

Gaeilge na hÉireann, Mhanann, agus na hAlban

Má thaispeántar do leanaí go bhfuil gaolta an-dlúth ag an teanga a labhraíonn déanfaidh sé sin a muinín mar chainteoirí Gaeilge a neartú. Agus i ndeireadh na dála is ar a muinín féin a mhaireann na teangacha mionlaigh seo.

Showing children that the language they speak has very close relatives can only strengthen their confidence as Gaelic speakers. And ultimately it is in their confidence that lies the survival of these minority languages.

Turas go hOileán Mhannan - Trip to the Isle of Man

Chaith 14 pháiste as Gaelscoil na mBeann i gContae an Dúin ceithre lá in Oileán Mhanann an tseachtain seo caite. Ní raibh siad in ainm a bheith ann ach ar feadh trí lá. Ní raibh neart air áfach óir ba é sin toil Mhanannáin mhic Lir, an dia mara a chosnaíonn Oileán Mhanann trí í a chur faoi cheilt lena bhrat ceo. Mar sin de, agus páistí Ghaelscoil na mBeann ag fanacht go foighneach in Aerfort Mhanann Dé Céadaoin, cuireadh an eitilt go Baile Átha Cliath ar ceal.

Bhí an t-eitleán ó Aer Lingus ag ciorclú san áit a mba cheart go mbeadh an t-oileán ach ní raibh tásc ná tuairisc air, ní raibh sé le feiceáil a thuilleadh. Thug Manannán lá saoire eile dóibh, íoctha as Aer Lingus, agus beidh na páistí buíoch as sin go deo óir bhí am den scoth acu! Bhí Rang a Sé agus a Seacht ó Ghaelscoil na mBeann in Oileán Mhanann chun aithne a chur ar pháistí Gaelacha an oileáin agus chun foghlaim faoi theanga seo acu.

Dar le gasúr de na Manannaigh, Raff, go raibh sé iontach fáil amach cé chomh cosúil a bhí an dá theanga, rud a dúirt gach duine a bhí páirteach sa turas. “Bhí sé iontach cairde nua iontacha a dhéanamh,” ar seisean. Bhí am den scoth ag na páistí, bhí siad ar bís ann. “Chuir gach duine san oileán, na páistí san áireamh, an-fháilte go deo rompu.

Thug na páistí cuairt ar Chaisleán Phort na hInse, nó Peel Castle agus bhí iontas éigin orthu Rí Amhlaoibh é féin a fháil ann, d’ainneoin go bhfuair sé bás sa bhliain 1237. Ní hamháin sin ach bhí Gaeilge Mhanann agus na hÉireann ar a thoil aige agus bhí sé sásta dul i mbun trodaíochta leo lena chlaíomh. Is cineál Gaeilge í Manainnis ach litrítear í i gcóras éagsúil ó Ghaeilge na hÉireann agus mar sin de measann Gaeilgeoirí in Éirinn go bhfuil sí iontach coimhthíoch. Níor chuir sé sin isteach ná amach ar na páistí áfach.

Is togra de chuid Chonradh na Gaeilge Boirche Íochtar é Cassan a bhfuil sé d’aidhm aige an nasc traidisiúnta Gaelach idir Contae an Dúin agus Oileán Mhanann a láidriú. Ba é Colmcille a mhaoinigh an turas.

14 children from Gaelscoil na Beann in County Down spent four days in the Isle of Man last week. They were only supposed to be there for three days. However, this could not be helped, as this was the will of Mannan son of Lir, the sea god who protects the Isle of Man by covering it with his cloak of fog. So, while the children of Gaelscoil na Beann waited patiently at Manx Airport on Wednesday, the flight to Dublin was cancelled.

The Aer Lingus plane was circling where the island should have been but there was no indication or report on it, it was no longer visible. Manannán gave them another holiday, paid for by Aer Lingus, and the children will be forever grateful for that because they had an excellent time! P 6 and P7 from Gaelscoil na Beann were in the Isle of Man to get to know the Gaelic children of the island and to learn about this language from them.

According to a boy from Manx, Raff, it was amazing to discover how similar the two languages were, which was shared by everyone involved in the trip. "It was great to make great new friends," he said. "The children had an excellent time. "Everyone on the island, including the children, always made them felt very welcome.

The children visited Peel Castle and they were somewhat surprised to find King Amhlaoib himself there, despite the fact that he died in the year 1237. Not only that but he had the Irish and Manx languages at his disposal and he was happy to fight with them with his sword. Manx is a type of Irish but it is spelled in a different system from Irish Irish and therefore Irish speakers in Ireland consider it very foreign. That didn't bother the kids though.

Cassan is a project of the Boirche Íochtar League which aims to strengthen the traditional Gaelic link between County Down and the Isle of Man. The trip was financed by Colmcille.


See all photos on the Gallery page

Link to Gaelscoil na mBeann -Co. Down, Ireland- and Bunscoill Ghaelgagh -Isle of Man- Cassan pages

Gaelscoil na mBeann Cassan Page

Bunscoill Ghaelgagh Cassan page